D’imigh sé go hAlbain i 1929, ní raibh mórán le déanamh sa bhaile. Chuaigh sé anonn arís 10 mbliana ina dhaidh sin ach bhí difir mór idir an dá ham, bhí an cogadh briste amach an dara am. Ag obair ag na feirmeoirí a bhí sé. In East Lothian a bhí sé.
I mbotaí a bhí sé, ní raibh siad rómhaith. Bhíodh siad ina luí i leapacha cocháin.